Seo thíos na leabhair a bheidh á bplé ar ClubLeabhar.com idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2010. Beidh siad ar fad ar díol ar siopa.ie faoi dheireadh an lae.
Leabhar mhí Eanáir
An leabhar taistil Favella le hAlex Hijmans
Foilsitheoir: Cois Life
Leabhar mhí Feabhra
An dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé
Foilsitheoir: CJ Fallon
Leabhar mhí an Mhárta
An t-úrscéal bleachtaireachta Buille Marfach le hAnna Heussaff
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Leabhar mhí Aibreáin
Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna
Foilsitheoir: Cois Life
Leabhar mhí na Bealtaine
An t-úrscéal grinn An Béal Bocht le Myles na gCopaleen
Foilsitheoir: Mercier Press
Leabhar mhí an Mheithimh
An leabhar taistil Seal sa Pholainn le hAlan Desmond
Foilsitheoir: Comhar
|