Thaitin sé liom go raibh an údar ag déanamh turgnamh le stíleanna sna scéalta. I mo thuairim, níor éirigh go hiomlán leis i gcónaí, go mór mhór sa ghearrscéal ‘Gobnait’. Sa chás sin, ní raibh an peannphictiúr don phríomhcharachtar sásúil go leor domsa. Tá dua na scríbhneoireachta ag an údar, áfach.
|