Fóraim » Plé ginearálta » Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar

Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
Lucy an Léitheoir
15/02/2011 17:48:59

A Chairde,

Thug mé faoi deara le deanaí go bhfuil clár nua darbh ainm Comhluadar na Leabhar tosnaithe ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn sé á craoladh ag 10:30 a.m. gach Domhnach

Deirtear ar leathannach idirlíne an chláir (féach thíos) gurb é atá i gceist ná sraith cláracha a scrúdóidh an litríocht chomhaimseartha i nGaeilge. Deirtear go mbeidh léirmheasanna rialta ar fhoilseacháin nua chomh maith le hagallaimh le scríbhneoirí faoina gcuid oibre, mar aon le tuairiscí ó fhéilte agus ó ócáidí litríochta, le cloisteáil ar an gclár.

Muna n-oireann an t-am thuas luaite leat, tá an cuma ar an scéal gur féidir an clár a cloisint níos deireannaí sa tseachtain, ach dul chuig leathannach idirlíne www.rte.ie/rnag/

Ansin roghnaigh an clár ‘Comhluaduar na Leabhar’ ar an roghchlár anuas (drop down menu) ar an taobh ar dheis agus tiocfaidh tú ar leathannach an chláir.

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
ClubLeabhar.com
16/02/2011 16:49:32

Go raibh míle maith agat as muid a chur ar an eolas arís, a Lucy! Cuma fíor-spéisiúil ar an gclár sin.

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
Lucy an Léitheoir
26/09/2011 17:29:48

A Chairde,

Ba mhaith liom a mheabhrú daoibh go bhfuil an chéad sraith eile den chlár seo tosaithe ar Raidio na Gaeltachta agus RTÉ, (10:30 a.m. gach Domhnach ar R na G agus athchraoladh ar 8:30 p.m. ar RTÉ).

Inné, pléigh an leabhar nua le Biddy Jenkinson, darbh ainm “Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg” agus an leabhar is deanaí ó Frainc Ó Murchadha “An Duais agus Scéalta Eile”.

Tugadh moladh don dá leabhar, mar sin, táim ag tnúth len iad a léamh amach anseo.

Ag deireadh an chláir, bhí comortás ann maidir leis an dá leabhar agus seans chun coip daoibh a bhuacaint, fáth eile gur fiú éisteacht leis an gclár!!!

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
Lucy an Léitheoir
15/11/2011 17:44:48

A Chairde,

Bhíos thar lear ag an deireadh seachtaine, mar sin, bhuail mé isteach ar shuíomh Chomhluadar na Leabhar, chun éisteacht leis an gclár a craoladh ar an Domhnach.

Fuair mé amach go bhfuil coras nua teicniúil ann, agus faoin gcoras sin, is féidir éisteacht le roinnt sean cláir. Faoi láthair, is féidir teacht ar na cláir a craoladh ar an 23 agus 30 Deireadh Fómhair agus ar an 13 Samhain.

Ar an Domhnach, bhí plé suimiúil ar an clós leabhar nua ‘Seadna’ agus an-moladh ag na haoí-chainteóirí dó. Is fiú éisteacht leis má bhíonn seans agat. Agus b’fhéidir go gcuirfeá ar liosta leabhar de sraith eile an ChlubLeabhar amach anseo.

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
ClubLeabhar.com
18/11/2011 10:09:25

Hi, a Lucy,

Go raibh míle maith agat as muid a choinneáil ar an eolas faoin gclár seo. Tá sé ar fheabhas go bhfuil seaneagráin ar fáil.

Dála an scéil, bhí Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg á phlé ar an gclár Iris Aniar le déanaí agus tá podchraoladh den chlár ar fáil anseo.

Ádh mór,

Michelle Ryan

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
cualain
12/12/2011 14:49:23

Bail ó dhia oraibh,

Is de bharr an chlár sin agus an plé a déanadh ar an leabhar, Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, a cheannaigh mé leabhar Bhiddy J. agus m’anam go bhfuil mé ag baint an-taitneamh as.

Ansin tháinig mé ar an suíomh seo agus fuair mé amach go bhfuil an leabhar á phlé faoi láthair. Ait an mac an saol!

Bríd

RE: Clár nua ar Raidio Na Gaeltachta - Comhluadar na Leabhar
ClubLeabhar.com
12/12/2011 15:45:21

Comhtharlú deas, mar sin!

Tá mé féin ag léamh an leabhair faoi láthair agus ag baint an-taitneamh as!

Dála an scéil, an bhfaca tú an físagallamh le Biddy? Tá sé le fáil ach cliceáil ar an nasc thíos.

Ádh mór,

Michelle