Gan dabht tá an leabhar dírithe ar an lucht leanúna coirscéinséirí as Gaeilge, ach tá sé níos leithne ná sin. Tá scéal grá agus coibhneas ann freisin agus tá an t-úrscéal breá comhaimseartha. Bhí suim faoi leith agam sa scéal seo ina raibh Gaillimh mar phríomh suíomh na himeachtaí. Bhí aithne agam ar roinnt de na háiteanna atá luaite ann ós rud é gur chaith mé níos mó ná bliain i mo chónaí ar imeall na cathrach.
|