Fóraim » Plé ginearálta » Féile Dhún Laoghaire - Mountains to Sea - ar siúl 1 - 11 Meán Fómhair 2011

Féile Dhún Laoghaire - Mountains to Sea - ar siúl 1 - 11 Meán Fómhair 2011

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Féile Dhún Laoghaire - Mountains to Sea - ar siúl 1 - 11 Meán Fómhair 2011
Lucy an Léitheoir
28/08/2011 20:46:46

A Chairde,

Má tá seans agaibh, is fiú dul chuig ceann nó dhó (nó iad go léir!!!) dos na himeachtaí as Gaeilge a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile i nDún Laoghaire darbh ainm " Mountains to Sea”. Beidh an fhéile ar siúl ón 1 go dtí 11 Meán Fómhair 2011. Is féidir níos mó eolais a fháil ar an suíomh www.mountainstosea.ie.

Seo mionsonraí de 3 imeacht as Gaeilge a bheidh ar siúl i rith na féile.

3 Meán Fómhair 2011 i Halla an Chontae

2.00 p.m. Beidh agallamh poiblí le duine de mhórchumadóirí amhrán na tíre, John Spillane. Deireann an clár go mbeidh an t-agallamh ag díriú ar roinnt amhrán dá chuid, go rachfaidh an lucht feachana ar aistear ceoil le Spillane óna luathshaothar, go hamhráin aitheanta agus go gheobhaidh siad léargas breá uaidh ar an gceird sin. Tristan Rosenstock, láithreoir IMEALL, a bheidh sa chathaoir.

00p.m. Beidh agallamh agus léamh poiblí le triúr filí óga, Caitríona Ní Chléirchín, Simon Ó Faoláin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh - guthanna úra atá ag treabhadh ghort na nuafhilíochta sa 21ú haois. Cuirfidh an lucht féachana aithne ar an nglúin atá ag teacht chun cinn agus cloisfidh siad ó na guthanna úra sin. Tristan Rosenstock ó chlár ealaíon TG4 IMEALL a bheidh sa chathaoir

Beidh 10 Euro ar thicéad a chlúdóidh an dá himeacht.

3 Meán Fómhair 7.30pm, san Amharclann Pavilion,

IMRAM Ceoil: Tionscadal Dylan

Tiocfaidh grúpa ceoltóirí cáiliúla le chéile , faoi stiúr Steve Cooney, i gcomhair ceolchoirm a nglaoitear Tionscadal Dylan uirthi. Beidh na ceoltóirí ag seimn amhráin le Bob Dylan, astrithe go Gaeilge iontach ag na filí cailiúla Gabriel Rosenstock and Colm Breathnach. I measc na ceoltóirí cáiliúla a bheidh i láthair, beidh an t-amhránaí Liam Ó Maonlaí agus na ceoltóirí Steve Cooney, Bill Shanley, Rod McVey, Martin Brunsden and Robert Harris. Beidh focail na n-amhráin agus iomhanna specialta a óireann leo le feicéail ar scailéan mór i rith na ceolchoirme, an cur i láthair sin deartha ar an ealaointóir Margaret Lonergan Is é Liam Carson, stiúrthóir fhéile IMRAM, coimeádaí na himeachta.

Beidh 15 Euro ar thicéad (12 Euro ar thicéad ar lacáiste)

(Bhí mé ag léiriú den cheolchoirm seo , a bhí ar siúl mar chuid de IMRAM 2009 agus bhí sí ar fheabhas !!! Táim ag tnúth le í a fheicéail arís.).