Leabhar mhí na Samhna 2019

Is é úrscéal scríofa ag Pádraig Ua Maoileoin atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

18 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Fonn a Níos Fiach
Fonn a Níos Fiach
ISBN 978-1-911363-44-6
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir.

I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Ba í seo an leabhar ab ansa dá chuid leis an údar féin — insint teann íogair a bhfuil fiántas agus boladh an dúchais tríd. Agus, cé go gcuirtear i gcomparáid le clasaic Hemmingway The Old Man and the Sea í, agus le Moby Dick Herman Melville, is sásúla go mór fada mar leabhar í seo.