Leabhar mhí na Nollag 2019

Is é an scéal is cáiliúla le Roald Dahl, Charlie agus Monarcha na Seacláide, atá mar leabhar mhí na Nollag.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

20 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Charlie agus Monarcha na Seacláide
Charlie agus Monarcha na Seacláide
ISBN 978-1-909907-89-8
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid!

Is é Charlie agus Monarcha na Seacláide an scéal is cáiliúla le Roald Dahl. Seo é scéal Charlie Buicéid, na gcúig thicéad órga, agus na nÚmpa-Lumpach, agus scéal Willy Wonka féin, scéal atá buanaithe in intinn na n-óg ó chéadfhoilsíodh é in 1964. Tá os cionn 20 milliún cóip den leabhar díolta in 56 theanga.