Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2022

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2022
Meán Fómhair 2022

Bádh B’fhéidir

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas litríocht an Oireachtais 2018. Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata. Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach. D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta