Leabhar mhí na Samhna 2022

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Samhna 2022
Samhain 2022

Khalil

Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis… An tAistritheoir Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Khalil an chéad úrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici. Léirmheas Antain Mhic Lochlainn: “Deirtear gurb é bun agus barr an dea-aistriúcháin cinneadh ceart amháin a dhéanamh agus cinneadh ceart eile ina dhiaidh sin. Sin atá déanta ag [an aistritheoir] i gcás ‘Khalil’. Tá anáil na Fraincise le brath air gan an Ghaeilge a bheith aduain. Sárshaothar.”

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta