Leabhar mhí Feabhra 2023

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Feabhra 2023
Feabhra 2023

Na Ríthe Beaga

Úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire. An chéad uair gur bhuail Mélanie Claux agus Clara Roussel le chéile, bhí ionadh ar Mélanie cuma chomh húdarásach sin a bheith ar bhean chomh beag sin. Thug Clara féin ingne Mélanie faoi deara, vearnais bhándearg gealrach orthu, iad ag lonrú sa dorchadas. Trí scéal beirt bhan le cinniúintí contrártha, déanann ‘Les Enfants sont Rois’ plé ar fhotháirgí ré ina maireanna daoine díreach le go mbreathnófar orthu. Ó na blianta Loft go dtí na 2030í, cruthú na meán soisialta ina measc, tugann Delphine De Vigan deis dúinn breathnú ar dhomhan ina nochtar agus a ndíoltar chuile rud, fiú amháin sonas teaghlaigh.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí Feabhra 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Bríd-Treasa Ní Ghaoithín, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge le ‘Fighting Words, agus le Oisín Montanari, Oifigeach Forbartha Acmhainní le Gaelchultúr faoi aistriúchán Mháirín Nic Con Iomaire ar an úrscéal Fraincise Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan.

Leabhair mholta