Leabhar mhí na Bealtaine 2025

Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile
Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta seo dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo.
Gluais don leabhar
Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin
Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie
Leabhar mhí na Bealtaine 2025
An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, scríbhneoir agus craoltóir raidió le Raidió na Life, agus le hÉilis Neary, iarrthóir PhD le Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, faoi chnuasach gearrscéalta Majella Ní Dhomhnaill Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile.