Leabhar mhí Eanáir 2024

Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. Rugadh Alan Titley i 1947 i gCathair Chorcaí, agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge, ar an bhFealsúnacht agus ar an mBéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag léachtóireacht sa Nigéir sa Mount Carmel College of Education agus sa School for Deaf Boys i gCabrach Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is scoláire, scríbhneoir agus craoltóir bisiúil é. I measc a shaothar suntasach tá an dráma Tagann Godot a léirigh Amharclann na Mainistreach, úrscéalta, agus aistriúcháin lena n-áirítear clasaic na Gaeilge Cré na Cille / The Dirty Dust le Máirtín Ó Cadhain. Tá go leor duaiseanna buaite aige, ina measc duais Bisto (Leabhair Pháistí Éireann) dá úrscéal óige Amach agus duaiseanna Liteartha Oireachtas na Gaeilge do shaothar éagsúla. Bhí a úrscéal Lámh Lámh Eile ar ghearrliosta Leabhar na Bliana Love Leabhar Gaeilge in 2019.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

0 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Ag dul i bhfad
Ag dul i bhfad

Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh.

Rugadh Alan Titley i 1947 i gCathair Chorcaí, agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge, ar an bhFealsúnacht agus ar an mBéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag léachtóireacht sa Nigéir sa Mount Carmel College of Education agus sa School for Deaf Boys i gCabrach Bhaile Átha Cliath.

Bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is scoláire, scríbhneoir agus craoltóir bisiúil é. I measc a shaothar suntasach tá an dráma Tagann Godot a léirigh Amharclann na Mainistreach, úrscéalta, agus aistriúcháin lena n-áirítear clasaic na Gaeilge Cré na Cille / The Dirty Dust le Máirtín Ó Cadhain.

Tá go leor duaiseanna buaite aige, ina measc duais Bisto (Leabhair Pháistí Éireann) dá úrscéal óige Amach agus duaiseanna Liteartha Oireachtas na Gaeilge do shaothar éagsúla. Bhí a úrscéal Lámh Lámh Eile ar ghearrliosta Leabhar na Bliana Love Leabhar Gaeilge in 2019.