Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011
Deireadh Fómhair 2011

Bás in Éirinn

Aodán Mac Póilín Róise Ní Bhaoill

Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Orthu tá saothar le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí. Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a chuid scileanna sa teanga gan a bheith de shíor ag breathnú ar an fhoclóir. Beidh an ghluais dhátheangach ag deireadh an leabhair ina chuidiú maidir le húsáid nó le leaganacha neamhchaighdeánacha focal. Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge. Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an mbás, idir an duairceas, an cur síos lom agus fiú amháin an greann.

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta