4 teachtaireacht
Curtha i bhfóram an leabhair seo.
1205 teachtaireacht
Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.
Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.
ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Aibreáin 2012
An Veinéis, Péarla na Meánmhara. Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua. Casann sí ar Giorgio, tiománaí tacsaí uisce, agus éiríonn siad ceanúil ar a chéile. Ach tá rún ag Giorgio. Ní Iodálach é ach Éireannach. Agus ní Giorgio an t-ainm atá air ar chor ar bith. Fear é a bhí páirteach sa Ghluaiseacht Phoblachtánach aimsir na dTrioblóidí agus atá in ainm is a bheith marbh. Agus tá coirpigh, chomh maith lena chuid iarchomrádaithe, ar a thóir.