Leabhar mhí Aibreáin 2013

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Aibreáin 2013
Aibreán 2013

Dúil

Liam Ó Flaithearta

Foilsíodh an cnuasach cáiliúil seo de chuid gearrscéalta Gaeilge Liam Uí Fhlaithearta den chéad uair i 1953 agus is é seo an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge a tháinig uaidh. Tá scéalta an leabhair suite in iarthar na hÉireann agus tá cur síos fileata ann ar an tírdhreach agus léargas iontach ar charachtair na scéalta. Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar Dúil ag am a fhoilsithe diúltach go maith; deirtear gur chuir sé seo lagmhisneach ar an bhFlaitheartach agus gur sin an fáth nár scríobh sé i nGaeilge níos mó ina dhiaidh sin. Cuireadh athchló ar Dúil go minic thar na blianta, áfach, agus anois tá eagrán nua díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – rud a léiríonn go bhfuil léitheoirí na Gaeilge beann ar thuairimí diúltacha na gcriticeoirí i dtaobh an tsaothair.

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta