Leabhar mhí Eanáir/Feabhra 2010

Is é an t-úrscéal Sobalsaol le Pádraig Standún an dara leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

10 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Sobalsaol
Sobalsaol
ISBN 1902420926
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tá pósadh Mhártain Mhic Cormaic tite as a chéile, tá éiginnteacht ann maidir lena phost agus ní athair rómhaith é dá mhac. Is geall le sobal a shaol. Ach ní ní drochrud amach is amach é sin, mar go mbíonn sé ábalta tarraingt ar a shobalsaol go rialta agus é i mbun pinn mar scriptscríbhneoir don sobal teilifíse Béal an Chuain. Ní leasc leis imeachtaí a shaoil a úsáid go rialta ina chuid oibre, rud a chuireann fearg ar go leor daoine. Is charachtar daonna é Mártan, rud a threoraíonn isteach i gcroí an léitheora é.

Tá cáil ar Standún as feabhas na cainte agus inchreidteacht na gcarachtar ina chuid scéalta, agus ní taise do Sobalsaol é. Carachtair bheo bheathacha atá cruthaithe aige anseo, a bhfuil caint líofa bheoga acu, agus meallann na heachtraí réalaíocha an léitheoir le díriú isteach ar shaol tubaisteach Mhártain Mhic Cormaic!