Leabhar mhí Mheán Fómhair 2014

Is é Súil le Breith le Pádraig Standún leabhar mhí Mheán Fómhair ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

1 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Súil le Breith
Súil le Breith
ISBN 978-0-898332-70-4
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana.

Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).

I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige.

Úrscéal neamhchoitianta agus thar a bheith macánta atá sa leabhar seo a thugann faoi cheisteanna a bhaineas le gairm na sagartóireachta agus le hionad an tsagairt sa phobal ar bhealach a théas go smior na ceiste go minic. Ó tharla gur sagart an t-údar agus nach dtéann sé ar chúla téarmaí lena scéal a chur i láthair, ní hiontas ar bith é go raibh an leabhar go mór i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é. — Raidió na Gaeltachta

Reveals illness of Gaeltacht. - The Irish Press

Gaeltacht’s answer to the Thorn Birds. - The Sunday Tribune

Scéalaí ó dhúchas is ea an Standúnach. - The Irish Times

Trua gan tuilleadh dá shaghas sa teanga. - Connacht Tribune