Leabhar mhí Aibreáin 2015

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Aibreáin 2015
Aibreán 2015

Anamlón Bliana

Seán Ó Ríordáin

Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann. Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na dialainne iomláine é, mar sin, tiomsaithe in aon bhliainfhéilire amháin, 365 iontráil, ceann in aghaidh an lae. Fear mór líníochtaí, caracatúr agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí seo. Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, é an t-eagarthóir, Tadhg Ó Dúshláine.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta