Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2022

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíoch seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á cheistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas litríocht an Oireachtais 2018. Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata. Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach. D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

6 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Bádh B’fhéidir
Bádh B’fhéidir
Seán Ó Muireagáin
ISBN 9781914482014
Foilsitheoir: Éabhlóíd

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíoch seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á cheistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas litríocht an Oireachtais 2018. Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata.

Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach.

D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.