Leabhar mhí an Mheithimh 2023

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Thaitin an t-úrscéal thar barr liom agus ba dheacair liom é a chur díom go dtí go raibh sé críochnaithe agam. Teanga líofa shaoráideach agus saibhreas neamhghnách foclóra in úsáid ag an údar. Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin a nochtar dúinn, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua! ‘Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt. Idir tús agus deireadh tá deis againn taisteal in éineacht le Barra ar a aistear uaigneach cráite. Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

1 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Na Cócha Móra
Na Cócha Móra
Mícheál Ó Siochrú
ISBN 6660012220137
Foilsitheoir: Coiscéim

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí:

‘Thaitin an t-úrscéal thar barr liom agus ba dheacair liom é a chur díom go dtí go raibh sé críochnaithe agam. Teanga líofa shaoráideach agus saibhreas neamhghnách foclóra in úsáid ag an údar. Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin a nochtar dúinn, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua!

‘Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt. Idir tús agus deireadh tá deis againn taisteal in éineacht le Barra ar a aistear uaigneach cráite. Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.