Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.
SAOTHAR CEANNRÓDAÍOCH AGUS ÚRSCÉAL CUMHACHTACH FRITHCHOGAIDH
In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.
AN STÍL GHLANSNOITE PHRÓIS A CHLEACHT MUINTIR GHRIANNA ROIMHE
Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.
ÚRSCÉAL MÓR GAEILGE AN CHOGAIDH MHÓIR
Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge. Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá Errigal: Sacred Mountain, Teach an Gheafta, agus An Bhé Ghlas. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 2000 agus bronnadh The Ireland Literary Award air i 2007. Bhuaigh sé an Irish Times Literature Prize i 2001. Tá sé ina bhall d’Aos Dána.
1 teachtaireacht
Curtha i bhfóram an leabhair seo.
1208 teachtaireacht
Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.
Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.
Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.
SAOTHAR CEANNRÓDAÍOCH AGUS ÚRSCÉAL CUMHACHTACH FRITHCHOGAIDH
In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.AN STÍL GHLANSNOITE PHRÓIS A CHLEACHT MUINTIR GHRIANNA ROIMHE
Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.ÚRSCÉAL MÓR GAEILGE AN CHOGAIDH MHÓIR