Leabhar mhí Aibreáin 2011

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Aibreáin 2011
Aibreán 2011

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna / Úlla

Seán Mac Mathúna

Cuirtear i láthair ar an taifeadadh seo cuid de na gearrscéalta is fuaimintiúla sa Nua-Ghaeilge, iad á léamh ag aisteoir iomráiteach a chuireann a shainchló gutha féin orthu. Baineann Niall Tóibín cor nua insinte as ocht scéal le Seán Mac Mathúna - An Seamlas, Leaca an Tí Mhóir, Ding, Gadaithe, Tuatha Dé Danann, Aos Ifrinn, Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaigh agus Na Quizmháistrí - a thugann diminsean nua ar fad dóibh. Tá na scéalta seo go léir sa chnuasach Úlla. Clasaicí iad na scéalta cheana féin ar an leathanach clóite, agus is cinnte gur clasaic eile a bheidh sa taifeadadh seo. Ceithre CD ar fad, féasta éisteachta.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta