Leabhar mhí na Samhna 2011

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Samhna 2011
Samhain 2011

Lig Sinn i gCathú

Breandán Ó hEithir

Is é úrscéal seo Bhreandáin Uí Eithir, Lig Sinn i gCathú, a foilsíodh den chéad uair i 1976, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol. Baile an Chaisil an t-ainm atá ar an mbaile ollscoile ina bhfuil an t-úrscéal suite ach is léir gur cathair na Gaillimhe atá i gceist i ndáiríre. 1948 atá ann, an bhliain a fógraíodh Poblacht na hÉireann agus a d’fhág an tír an Comhlathas. Ach tá an mac léinn óg Máirtín Ó Méalóid agus a chairde míchlúiteacha róthógtha leis an ragairne agus leis an gcraiceann le mórán airde a thabhairt ar an eachtra thábhachtach stairiúil seo. Ach is deireadh seachtaine cinniúnach é seo i saol Mháirtín. An ndéanfaidh sé athmhuintearas lena mhuintir? An bhfanfaidh sé dílis d’aon bhean amháin? An gcromfaidh sé choíche ar an staidéar? Úrscéal greannmhar, géarchúiseach a thuill clú don údar nuair a foilsíodh é sna seachtóidí.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta