Leabhar mhí Mheán Fómhair 2014

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2014
Meán Fómhair 2014

Súil le Breith

Pádraig Standún

Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana. Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987). I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige. Úrscéal neamhchoitianta agus thar a bheith macánta atá sa leabhar seo a thugann faoi cheisteanna a bhaineas le gairm na sagartóireachta agus le hionad an tsagairt sa phobal ar bhealach a théas go smior na ceiste go minic. Ó tharla gur sagart an t-údar agus nach dtéann sé ar chúla téarmaí lena scéal a chur i láthair, ní hiontas ar bith é go raibh an leabhar go mór i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é. — Raidió na Gaeltachta Reveals illness of Gaeltacht. - The Irish Press Gaeltacht's answer to the Thorn Birds. - The Sunday Tribune Scéalaí ó dhúchas is ea an Standúnach. - The Irish Times Trua gan tuilleadh dá shaghas sa teanga. - Connacht Tribune

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta