Leabhar mhí na Bealtaine 2010

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Bealtaine 2010
Bealtaine 2010

Cúpla Focal

Anna Heussaff

Úrscéal grá agus suirí i stíl éadrom spórtúil ó údar cáiliúil Bás Tobann. Imeachtaí aon tráthnóna amháin, ach ansin is iomaí insint ar eachtraí an aon lae. Oiriúnach d'fhoghlaimeoirí fásta agus mar scíthléitheoireacht. [+ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2010+]:[http://www.clubleabhar.com/Leabhar.aspx?id=6&Lang=ga] Grá agus mistéir. Scéalta faoi rún. Sa rang Gaeilge do dhaoine fásta, níl gach rud á rá amach os ard. Tá Caoimhe ag éirí cairdiúil leis an múinteoir, Neasán. Ach tá aird ar leith ag Neasán ar Aisling, is cosúil. In imeacht aon tráthnóna amháin, tá ceachtanna crua le foghlaim faoi dhóchas, bhriseadh croí agus chumhacht ghuagach na bhfocal. Tá tuilleadh eolais faoin leabhar ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora, [www.coislife.ie]:[http://www.coislife.ie/books/prosebooks/cuplafocal.htm].

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta