Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015
Deireadh Fómhair 2015

Í Siúd

Siobhán Ní Shúilleabháin

Ainmnithe do Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 1998. Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999. "Is minic léitheoirí Gaeilge ag cáiseamh easnamh na leabhar soléite dea-scríofa a léifí gan dua. Is leabhar den chineál sin é Í Siúd agus ba chóir go mbainfeadh an-chuid léitheoirí taitneamh agus pléisiúr as." – Máirín Nic Eoin Léiriú ar an teannas idir an seandearcadh dúchasach agus an meon nua-aoiseach, nua-aimseartha,comhaimseartha; an tuiscint nua-aoiseach á sealbhú ag an bpobal scaití, scaití eile an pobal ag seasamh ina haghaidh. Léiriú ar shaol dheireadh an fichiú haois mar a fheictear do Shiobhán Ní Shúilleabháin é atá sa chnuasach seo, ar an saol laethúil, ar mheon an duine, agus ar an dóigh a bhfuil na hathruithe móra atá ag titim amach sa tsochaí inniu ag dul i bhfeidhm ar an meon sin.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta