Leabhar mhí na Nollag 2017

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Nollag 2017
Nollaig 2017

Conaire Mór

Diarmuid Johnson

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir macghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éire faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta