10 teachtaireacht
Curtha i bhfóram an leabhair seo.
1364 teachtaireacht
Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.
Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.
Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd Ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin i lár an aicsin.
‘Scéalaí den scoth is ea Michelle Nic Pháidín. Carachtar fíorspéisiúil cruthaithe aici - Bríd, an t-iriseoir. Ní bheidh fonn ort an leabhar seo a chur uait. Scéal spleodrach, soléite, suimiúil.’ - Eilís Ní Dhuibhne, (údar iomráiteach agus buaiteoir Ghradam PEN na hÉireann, 2015).