Biddy Jenkinson
ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2010
Cara le Searbhlach de Hoilm agus an tUasal Bhatson é an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tagann siad chuige ag lorg cabhrach mar go bhfuil Professor Moriarty chun an Bhanríon a fhuadach. Lean eachtraí na mbleachtairí ó thús go deireadh, ó bhás amháin go dúnmharú eile, le fáil amach ‘cé dhéin é’.
Cnuasach nua gearrscéalta le húdar An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, Biddy Jenkinson.
Tugann an saothar seo léargas nua samhailteach ar a thuilleadh d’imeachtaí an bhleachtaire-shagart, an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tá an leabhar seo ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2011 (leabhar na bliana do dhaoine fásta).