Fuair muid leathanach iomlán sa Strabane Chronicle inniu fá choinne bhunú an chlub áitiúil! Grianghraf leathleathanaigh ag barr, agus alt thíos faoi. B’fhéidir go meallfaidh sin cúpla ball eile! An-sásta leis sin.... ag dul anois fá choinne oíche airneáil i dtigh Mhícheáil, áit a mbeidh muid ag amharc ar an chlár teilifíse faoi Phádraic Ó Conaire. Thaifead Mícheál é ar sky tá tamall maith ó shin, agus tá sé aige go fóill! Nach méanar dúinn, nach méanar dúinn!
Seán Mór
Craobh an tSratha Báin de Chonradh na Gaeilge
|