Ar shíl éinne eile anseo go raibh na rímeanna 7rl iontach maith? Bhain mé an-sult as “An Rosualt agus an Cearpantóir” ag Manachar sa scéal go háirithe an chuid mar gheall ar an trá a scuabadh:
“Bhí an Rosualt agus an Cearpantóir le chéile ag siúl ar an trá
Chaoin siad araon nuair a chonaic siad féin
an gaineamh chomh flúirseach san áit.
‘Dá nglanfaí chun bealaigh é,’ arsa siad beirt,
‘dar fia, nach mbeadh sé go breá!’
‘Dá mbeadh seachtar cailíní ‘s acu seacht scuab
á scuabadh ó Nollaig go hIúil,’
arsa an Raosualt, ‘b’fhéidir go bhféadfaidís sin
an t-iomlán a scuabhadh chun siúil.
‘Ní dóigh liom é,’ dúirt an Cearpantóir
is ba ghoirt iad na deora ‘na shúil.
Greannmhar agus ceolmhar!
|