A Chairde,
Thugas faoi ndeara le déanaí go mbeidh Féile Leabhar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, dar teideal ‘Mountains to Sea’ , ar siúl ón 7-12 Meán Fómhair 2010.
Mar chuid den fhéile, beidh ‘Beo sa Chlub’, óiche dhátheangach le scéalta, filíocht, cláireoireacht, agus carbhas ar siúl ar an Deardaoin 9 Méan Fómhair 2010. Is iad Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna agus Cormac De Barra a bheas i gceannas ar an óiche. Táim cinnte gur óiche den scoth a bheas ann.
Is féidir níos mó eolais a fháil ar an suímh idirlín www.mountainstosea.ie.
|