Leabhar mhí Feabhra 2026

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Feabhra 2026
Feabhra 2026

Bódléar

Darach Ó Scolaí

I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Leabhar mhí Feabhra 2026

Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an Fhrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh

Leabhair mholta