Leabhar mhí Aibreáin 2025

Óró
San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Ollphéisteanna agus Nithe Nach Iad! Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois. “Ní ag plé le foghlaithe mara ar leathchois atáimid, ná sluaite canablach fiú amháin. Is neacha céad uair níos aistí ná sin a chastar ar mhairnéalaigh an San Cristóbal. Is túisce a chuimhneofá ar an fhicsean eolaíochta agus ar eachtraí spástaistil seachas ar Oileán an Órchiste … nuair a ligeann Titley scód lena shamhlaíocht, féadann tú a bheith ag súil le spórt’ — Antain Mac Lochlainn, Tuairisc.ie
Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie