Leabhar mhí Eanáir 2025

Tír Bheag
Aistriúcháin ar an saothar chlúitúil sa bhFraincís, 'Petit Pays' de chuid an scríbhneora Gaël Faye, is ea 'Tír Bheag' le Antain Mac Lochlainn. Tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea 'Tír Bheag' ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin.
Gluais don leabhar
Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin
Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie
Leabhar mhí Eanáir 2025
An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le hAntain Mac Lochlainn, scríbhneoir agus aistritheoir, a d'aistrigh an t-úrscéal 'Tír Bheag' le Gaël Faye go Gaeilge.