Tá mé tar éis an leabhair a chríochnú. Thaitin sé go mór liom. Ba bhreá liom an stíl ghonta agus mhothálach atá ag an údar , agus í ad dul i ngleic le hábhair atá íogair agus uaireanta an-duairc.
Cuireann a stíl shimplí go mór i gcuimhne dom údar mná eile den 19ú haois, an scríbhneoir Geoge Sand.
Agus mé ag leamh an leabhair, bhí mé ag smaoineamh an bhfuil ceangal ar bith idir na scéalta
Is féidir cinnte barraíocht samhlaíochta a chur i mo leith, ach seo iad na pointí a thug mé faoi dheara :
- An bhean sa chéad scéal , An doras cúng, an í an bhean chéanna atá sa scéal, Idir cleith agus ursain, Gráinne. Agus má tá, is truamhéalach an chinniúint a bhí aici
- An carachtar, Deirdre, i Scáile Deirdre, an bhfuil sí cuid den dream a ndéantar cur síos air sa scéal Cosmhuintir ?
- Fiona sa scéal El Camino, an í an Fiona Lavelle chéanna atá ag freastal ar an gcúrsa scríbhneoireachta sa scéal “Tabhair ar ais an oíche aréir” ? Agus an múinteoir cumasach Bláthnaid , an í iníon Ghráinne sa scéal Athchuairt ar an Oileán , bean atá , de réir a máthair, “ neamhspleách , agus bhí muinín aici aisti féin “ ?
- Muireann i “Turas Eadarbuasacha” , nach ndéantar tagairt uirthi ach uair amháin, an í an Muireann chéanna atá sa scéal Tir Hudaí ?
- Agus faoi dheireadh , Gráinne sa scéal Athchuairt ar an oileán ? Aon bhaint aici leis an Gráinne , bean cheile le Diarmaid , sa scéal Idir cleith agus Ursain ? An bhean chéanna ? An leanbh tabhartha a bhí aici , b’fhéidir cuid den chúis le foréigean a fear céile ?
- Suimiúil chomh maith go bhfuil péire bróige lárnach i dhá scéal – An Mhutuc Bheag , agus El Camino
Cad a cheapann sibh ? Aon thuaraimí ?
Pól Mac Uistin, Páras
|