Ceangal idir na scéalta ?

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Ceangal idir na scéalta ?
PolMacUistin
16/02/2017 20:12:28

Tá mé tar éis an leabhair a chríochnú. Thaitin sé go mór liom. Ba bhreá liom an stíl ghonta agus mhothálach atá ag an údar , agus í ad dul i ngleic le hábhair atá íogair agus uaireanta an-duairc. Cuireann a stíl shimplí go mór i gcuimhne dom údar mná eile den 19ú haois, an scríbhneoir Geoge Sand.

Agus mé ag leamh an leabhair, bhí mé ag smaoineamh an bhfuil ceangal ar bith idir na scéalta

Is féidir cinnte barraíocht samhlaíochta a chur i mo leith, ach seo iad na pointí a thug mé faoi dheara : - An bhean sa chéad scéal , An doras cúng, an í an bhean chéanna atá sa scéal, Idir cleith agus ursain, Gráinne. Agus má tá, is truamhéalach an chinniúint a bhí aici - An carachtar, Deirdre, i Scáile Deirdre, an bhfuil sí cuid den dream a ndéantar cur síos air sa scéal Cosmhuintir ? - Fiona sa scéal El Camino, an í an Fiona Lavelle chéanna atá ag freastal ar an gcúrsa scríbhneoireachta sa scéal “Tabhair ar ais an oíche aréir” ? Agus an múinteoir cumasach Bláthnaid , an í iníon Ghráinne sa scéal Athchuairt ar an Oileán , bean atá , de réir a máthair, “ neamhspleách , agus bhí muinín aici aisti féin “ ? - Muireann i “Turas Eadarbuasacha” , nach ndéantar tagairt uirthi ach uair amháin, an í an Muireann chéanna atá sa scéal Tir Hudaí ? - Agus faoi dheireadh , Gráinne sa scéal Athchuairt ar an oileán ? Aon bhaint aici leis an Gráinne , bean cheile le Diarmaid , sa scéal Idir cleith agus Ursain ? An bhean chéanna ? An leanbh tabhartha a bhí aici , b’fhéidir cuid den chúis le foréigean a fear céile ? - Suimiúil chomh maith go bhfuil péire bróige lárnach i dhá scéal – An Mhutuc Bheag , agus El Camino

Cad a cheapann sibh ? Aon thuaraimí ?

Pól Mac Uistin, Páras

RE: Ceangal idir na scéalta ?
Adrian
20/02/2017 09:54:05

Chríochnaigh mé bheith ag léamh an leabhair seo ar maidin ar an traein. Pointí machnamhacha ansin agat a Phóil. Níor smaoinigh mé ar an gceangal idir na scéalta agus idir na carachtair. Ghlac mé leis na scéalta mar aonaid aonaracha, ach caithfidh mé athamharc a dhéanamh ar an gcur chuige sin anois!

Aontaím leat maidir leis na bróga. Ó thaobh dhearadh an leabhair, cheap mé go mbeadh péire bróg dearg oiriúnach don gclúdach, i dteannta leis na sciatháin. Tá an clúdach beagáinín beag ródhuairc im’ thuairimse, mar tá spraoi agus stuaim le fáil i gcuid de na scéalta chomh maith leis an duairceas.

RE: Ceangal idir na scéalta ?
PolMacUistin
22/02/2017 10:24:28

Aontaím leat, a Adrian.

Is deas an smaoineamh é, péire bróg a bheith ar an gclúdach.

Péire bróg, nach leis aon duine iad. Íomhá atá ann atá truamhéalach agus ag an am cheann a ghríosaíonn an tsamhlaíocht.

Is minic, ceapaim, a thagann bróga chun cinn sa litríocht. I gcuimhne dom díreach , an comórtas a bhí ag Hemingway agus a chairde cairde le scéal gearr ,nó “micrea-scéal” , a insint. An bua ag Ernest, cinnte, leis an scéal beag seo, úrscéal ar sé fhocal :

“Ar díol. :bróga naíonáin, nár caitheadh” / For sale: baby shoes, never worn.

(Aistriúchán níos fearr ag aon duine ? )

Pól

RE: Ceangal idir na scéalta ?
Adrian
01/03/2017 16:39:14

Wow. Sampla de Splanc fiscean den scoth ansin agat a Phóil. An gríosadh agus an ghruaim ann.

Tá íomhá agam i mo cheann de píosa dealbhóireachta ar bhruach na Danóibe i Budapest ag comóradh iad siúd a chuireadh chun báis i rith an dara chogadh domhanda. Líne de bhróga éagsúla atá ann, déanta as cré-umha agus iad caite tromach tramach ar leathtaobh, agus na húinéirí ar iarraidh. Beidh mé ag faire amach d’íomhá na mbróg amach anseo....