Leabhar mhí Feabhra 2024

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Feabhra 2024
Feabhra 2024

Sa Pholl Báite

Anna Heussaff

Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é SA PHOLL BÁITE a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí Feabhra 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Caomhán Ó hÓgáin, aistritheoir atá lonnaithe sa Bhruiséal agus a bhíonn i mbun craolta ar Raidió na Life, faoi leabhar bleachtaireachta nuafhoilsithe Anna Heussaff, Sa Pholl Báite.

Leabhair mholta