Leabhar mhí Aibreáin 2013

Is é an t-úrscéal Dúil le Liam Ó Flaithearta leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

6 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Dúil
Dúil
ISBN 9781905560660
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Foilsíodh an cnuasach cáiliúil seo de chuid gearrscéalta Gaeilge Liam Uí Fhlaithearta den chéad uair i 1953 agus is é seo an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge a tháinig uaidh. Tá scéalta an leabhair suite in iarthar na hÉireann agus tá cur síos fileata ann ar an tírdhreach agus léargas iontach ar charachtair na scéalta.

Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar Dúil ag am a fhoilsithe diúltach go maith; deirtear gur chuir sé seo lagmhisneach ar an bhFlaitheartach agus gur sin an fáth nár scríobh sé i nGaeilge níos mó ina dhiaidh sin. Cuireadh athchló ar Dúil go minic thar na blianta, áfach, agus anois tá eagrán nua díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – rud a léiríonn go bhfuil léitheoirí na Gaeilge beann ar thuairimí diúltacha na gcriticeoirí i dtaobh an tsaothair.