Leabhar mhí na Bealtaine 2018

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Bealtaine 2018
Bealtaine 2018

An tIriseoir

Michelle Nic Pháidín

Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd Ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin i lár an aicsin. 'Scéalaí den scoth is ea Michelle Nic Pháidín. Carachtar fíorspéisiúil cruthaithe aici - Bríd, an t-iriseoir. Ní bheidh fonn ort an leabhar seo a chur uait. Scéal spleodrach, soléite, suimiúil.' - Eilís Ní Dhuibhne, (údar iomráiteach agus buaiteoir Ghradam PEN na hÉireann, 2015).

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta