Leabhar mhí na Nollag 2023

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Nollag 2023
Nollaig 2023

An tEitleán Dofheicthe / Réics Carló – Uimhir a Dó 2

Cathal Ó Sándair

‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’ Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach. Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara húrscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí na Nollag 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Zoya Everard, cúntóir teanga atá lonnaithe sa Ghearmáin ach atá i mbun cúrsa iarchéime san aistriúchán, agus le Rónán Mistéil, a bhíonn i mbun léirmheastóireachta ar an gclár raidió ‘Splanc’ ar Newstalk, faoin dara leabhar i sraith scéalta Réics Carló An tEitleán Dofheicthe le Cathal Ó Sándair.

Leabhair mholta