Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

Is é an cnuasach de chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge Bás in Éirinn leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

2 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Bás in Éirinn
Bás in Éirinn
May you die in Ireland
ISBN 978095508127
Foilsitheoir: Iontaobhas Ultach

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Orthu tá saothar le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí.

Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a chuid scileanna sa teanga gan a bheith de shíor ag breathnú ar an fhoclóir. Beidh an ghluais dhátheangach ag deireadh an leabhair ina chuidiú maidir le húsáid nó le leaganacha neamhchaighdeánacha focal.

Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge. Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an mbás, idir an duairceas, an cur síos lom agus fiú amháin an greann.