Leabhar mhí Feabhra 2016

Is é an t-úrscéal comhaimseartha Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

12 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Aisling nó Iníon A
Aisling nó Iníon A
Aisling nó Iníon A
ISBN 9781907494499
Foilsitheoir: Cois Life

Scéal Aisling atá san úrscéal comhaimseartha seo. Déagóir í a tógadh i dteaghlach an-choimeádach traidisiúnta i mBaile Átha Cliath. Ceistíonn sí prionsabail a máthar, prionsabail dhiongbháilte na heite deise. Agus an choimhlint eatarthu ag géarú, tarlaíonn tubaiste a athraíonn a saol go hiomlán agus a spreagann ceisteanna faoi gach rud a chreid siad cheana.

Úrscéal dár ré féin ina ndéantar mórcheisteanna conspóideacha a phlé, ginmhilleadh ina measc.