Leabhar mhí Aibreáin 2018

Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire, atá mar leabhar mhí Aibreáin ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

10 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Lár an Domhain
Lár an Domhain
ISBN 978-0-898332-34-62
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2004.

“Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, mar aon leis an ngearrscéalaí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain, mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir. Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr dá bhfuil á chumadh go hidirnáisiúnta.” —Tomás Mac Síomóin, Feasta