Leabhar mhí Eanáir 2019

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Eanáir 2019
Nollaig 2018

Cinnlínte: Saol an Iriseora

Deaglán de Bréadún

Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D’oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen. Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dteifeach Coirdíneach ag teitheadh ó Saddam Hussein nó ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann. Foghlaimeoidh iriseoirí óga agus mic léinn cumarsáide cuid mhór uaidh faoi ghnéithe den cheird, faoi dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta